
“Is é an díoltas a bheas againn saoirse do chách,” Óglach Bobby Sands MP
Agus DAICHEAD bliain caite ó bhás na mairtíreach sna Blocanna-H cad é atá le foghlaim uathu?
Níl aon bhliain ó fuair siad bás nár chuimhnigh daoine ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ar Roibeard Ó Seachnasaigh, Proinsias Ó hAodha, Réamonn Mac Raois, Patsaí Ó hEára, Seosamh Mac Dónaill, Máirtín Hurson, Caoimhín Ó Loingsigh, Ciarán Ó Dochartaigh, Tom Mac Giolla Bhuí agus Micí Ó Daimhín ar an iomad dóigh. Chomh maith leis sin tá fir agus mná ann a chuimhníonn orthu gach bomaite de gach lá mar dhaoine a raibh grá acu orthu, mar chairde agus mar chomrádaithe.
Luadh a n-íobairt, ceoladh agus scríobhadh fúithi, insíodh a scéal ar theilifís agus cuireadh sa tseanchas é. Níl aon duine againn nár mháirseáil, nár scríobh, nár chaoin, nach dtáinig fearg air agus nár cheol ina gcuimhne na mílte uair. Mar sin féin, caithfear comóradh a dhéanamh ar an éacht iontach ar chuir siad tús leis agus ar chuir siad crích air ar son a gcomhchimí agus ar son an phobaíl faoi leatrom a dtáinig siad as. Ní mar chloch mhuilinn a bhrúnn síos muid nó mar bhata le daoine eile a sciúradh, ach mar chuimhneachán ar an mhianach atá sa duine bhocht a dhiúltaíonn géilleadh.
Ní raibh maoin phearsanta ag na stailceoirí ocrais. Bunús an ama ba dhaoine óga dífhostaithe iad a raibh lucht an stáit in amhras fúthu i bhfad sula ndeachaigh siad i ngleic leis an stát. Díbríodh cuid acu as a dtithe cónaithe nuair a bhí siad ina bpáistí nó ina ndéagóirí. Sháigh lucht pograim Roibeard Ó Seachnasaigh. Lena shúile cinn chonaic Patsaí Ó hEára eachtraí Dhomhnach na Fola agus é tinn i ndiaidh ionsaí gunna ag Arm na Breataine. Tógadh Micí Ó Daimhín i gcampa suiteoirí míchlúiteach Springtown. Ba dhaoine iad a d’fhulaing leithcheal agus uirisliú an stáit ó thuaidh ar bhonn laethúil.
“Níl a fhios agam cad é a dhéanann cosantóirí uilíocha ar mhacántacht an duine de ghnáthdhaoine óga,” an cheist a bhí ag Bernadette McAliskey 12 bhliain i ndiaidh a mbáis.
Tá cuid de fhreagra na ceiste sin le fáil sa mhéid a rinne mairtírigh na mBlocanna H ina bpobail agus sna príosúin. D’eagraigh siad. Bhunaigh siad cumainn áitritheoirí agus nuachtáin faoi thalamh, d’fhoghlaim siad a dteanga dhúchais agus theagasc dá gcairde í, rinne siad a seacht ndícheall le rud beo bríomhar a dhéanamh den Phobal Aiséirithe.
Níl muid ag iarraidh an stair a ghlanadh ar shiúl. Ba throdairí ar son na saoirse iad mairtírigh na mBlocanna H – óglaigh de chuid Óglaigh na hÉireann agus in Arm Saoirse Náisiúnta na hÉireann. Chreid siad nach raibh aon dóigh éifeachtach leis an status quo míchothrom a scrios ach le streachailt armtha agus rinne siad an streachailt sin ar a ndícheall le barr feabhais. Sin an fáth ar cuireadh i bpríosún iad agus sin an fáth ar sheas siad an fód go dtí an deireadh.
D’fhág siad oidhreacht againn nach bhfuil simplí. Deichniúr a bhí ann a bhí chomh casta ina gcarachtar le duine ar bith againn. Ach tá rudaí ann nach féidir a shéanadh. Chreid siad i neamhspleáchas agus athaontú na tíre. Chreid siad go raibh sé de cheart ag daoine bochta seasamh in éadann leatroim agus dúshaothraithe. Chreid siad go bhféadfadh domhan níos fearr a bheith ann ná an domhan ina maireann muid inniu.
Agus leis an spiorad sin úsáidfimid 2021 lena gcuimhne a cheiliúradh chomh maith lena mbua ar fhir agus mhná an lae inné a rinne iarracht iad a choiriúlú. Cad é a d’fhoghlaim muid ó mhairtírigh na mBlocanna H? A gcreideamh ionainn, na daoine gan mhaoin, ár ndínit a ghlacadh ar ais.